Aeráid, Cultúr & Dóchas: Comhrá le Micheál D. Ó hUigínn

An Domhnach, 15:30-17:00,

Puball Féile, Páirce an Athar de Búrca,

Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo.

Beidh iarUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a bhfuil an-mheas air ar fud an domhain agus a bhfuil an-seasamh ag a chuid tuairimí ar chúrsaí cultúir, ar shaoránacht agus ar athrú sóisialta, linn d’Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe tráthnóna Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh. 

Beidh Ruairí McKiernan – feachtasóir, údar agus Príomhoifigeach Chumann Forbartha Oideachais na hÉireann – i dteannta Micheál D. Ó hUigínn don chomhrá uathúil cois tine seo, ina bpléifidh siad gníomhú ar son na haeráide, cúrsaí inbhuanaitheachta agus ról na n-ealaíon, an chultúir agus an oideachais i gcabhrú le todhchaí níos cothroime a mhúnlú, tabharfar ábhar machnaimh don té a bheidh i láthair.

Tá saol poiblí caite ag Micheál D. Ó hUigínn le fada an lá agus leag sé béim i gcónaí ar thábhacht na samhlaíochta, na cruthaitheachta agus an phobail chun freagairt do na dúshláin is mó atá roimh an tsochaí. A bhuí leis an mbaint atá aige le Gaillimh le fada an lá, an chaoi ar thacaigh sé leis na healaíona a chur chun cinn in Éirinn, agus lena chuid machnaimh féin tríd an bhfilíocht agus tríd an saol poiblí atá caite aige, níl aon dabht ach gur comhrá saibhir tráthúil a bheidh ann ar an gcaoi a spreagann muid gníomh agus dóchas i ndomhan atá ag athrú. Beidh léiriú aíochta ag an ócáid freisin ón gceoltóir Gaillimheach Áine Tyrrell.

Arna chur i láthair i gcomhar le Cumann Forbartha Oideachais na hÉireann, is cuid d’Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe an ócáid – féile lena ndéantar ceiliúradh ar ghníomhú dearfach ar son na haeráide agus a thugann cruthaitheacht, pobal, ceol, bia agus smaointeoireacht nua le chéile.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chumann Forbartha Oideachais na hÉireann téigh chuig:  www.ideaonline.ie/