An Domhnach, 13:00-14:00,
Puball Stráice,Páirc an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
Is grúpa pobail neamhbhrabúis é The Melting Pot Luck atá á reáchtáil go deonach i nGaillimh, Éire, a thugann dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus muintir na háite le chéile chun dlúthpháirtíocht a chothú trí bhia, ceol agus cultúr roinnte. Is ceiliúradh bríomhar é Melting Pot Luck ar chultúr agus ar phobal, áit a dtagann daoine le chéile chun miasa atá déanta acu féin agus a bhaineann lena gcultúr a roinnt. Blais de mhiasa ó ar fud an domhain, déan ceangal le daoine eile, agus faigh taithí ar an éagsúlacht shaibhir sin a dhéanann áit thar a bheith speisialta de Ghaillimh!
Chomh maith leis an deis bia blasta a bhlaiseadh, is féidir le cuairteoirí foghlaim faoin tionchair atá ag athrú aeráide ar na tíortha as a dtagann an bia agus na cócairí. Beidh toscaireacht as an Nigéir, Siarra Leon, Maracó, an Iordáin, an tSiombáib agus an Afraic Theas i láthair.
