An Satharn, 11:00-13:30,
Puball Stráice, Páirce an Athar de Búrca,
Má thugann tú aire do do chuid éadaí, is féidir leat a lorg carbóin a laghdú suas le 30% i gcaitheamh a saolré, trína ndeisiú, iad a chaitheamh arís, agus iad a úsáid ar feadh i bhfad.
Beidh oibrithe deonacha sa gClub Deisiúcháin ón dá imeacht deisiúcháin mhíosúla i gCathair na Gaillimhe (‘Caifé Deisiúcháin na Gaillimhe’ agus ‘Caifé Deisiúcháin an Taoibh Thiar’) ar fáil chun teicnící simplí deisiúcháin a thaispeáint, cúnamh a thabhairt le deisiúcháin bheaga, agus ceisteanna a fhreagairt faoi dheisiúchán agus athúsáid.
Is imeacht buail isteach atá ann áit ar féidir leat na jíons is fearr leat a dheisiú, agus an geansaí sin a chóiriú. Ní theastaíonn áirithint a dhéanamh roimh ré.’
Míle buíochas le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an fhéile tríd an tionscnamh Gaillimh – Cathair Chiorclach’ agus le Rannóg Pobail na Comhairle as an mhaoiniú faoin LCDC. Chomh maith leis sin, míle buíochas le Comhairle Chontae na Gaillimhe, leis an City Bin Company agus le hIonad Saorálaithe na Gaillimhe.
Is imeacht saor in aisce é agus tá teorainn ar an líon spásanna atá ar fáil.
Chun d’áit a chur in áirithe, déan teagmháil le environment@galwaycity.ie
Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi Chathair Chiorclach na Gaillimhe ar: www.galwaycity.ie/circular-economy
