An Satharn, 11:00-18:00,
Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
Glac páirt i dtogra meithle chun soitheach plandaí a thógáil le Bothán do Dhaoine Aiteacha agus Common Knowledge.
Déan rud éigin as ábhar athchúrsáilte agus tabhair abhaile leat é, beidh tú in ann plandaí a thabharfaidh bia duit nó plandaí eile a fhás ann.
Ní gá aon chleachtadh roimh ré, tiocfaidh sé leat. Lá oscailte bhotháin iarthar na hÉireann freisin é, mar sin buail isteach agus faigh amach faoin mbothán is gaire duit faoin gcaoi ar féidir leat a bheith páirteach ann. Ócáid phraiticiúil, shóisialta agus gníomh ceart ar son na haeráide is féidir a thabhairt abhaile leat.
Míle buíochas le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an fhéile tríd an tionscnamh Gaillimh – Cathair Chiorclach’ agus le Rannóg Pobail na Comhairle as an mhaoiniú faoin LCDC. Chomh maith leis sin, míle buíochas le Comhairle Chontae na Gaillimhe, leis an City Bin Company agus le hIonad Saorálaithe na Gaillimhe.
