An Satharn, 22:00-Déanach,
Róisín Dubh,
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach féachaint anseo:
Cuirfear clabhsúr breá le hoíche Dé Sathairn ag an gCóisir Chlabhsúir a bheidh ar siúl i bPríomhsheomra Róisín Dubh, a mbeidh beirt DJanna den scoth páirteach ann.
Cuirfidh LoveSmoke as Sligeach seisiún spreagúil fuinniúil ar fáil a bhfuil tionchar mór Afralárnach agus domhanda air — bí ag súil le ceol tí séiseach na hAfraice, ceol tí domhain anamúil, ceol tí Laidineach, ceol tí dioscó agus neart eile, atá in ainm is an cholainn agus an intinn a chur ag bogadh.
Cuirfidh Sally Cinnamon os cionn 25 bliain de thaithí ar an urlár damhsa ar fáil ar an oíche, ag léiriú an eolais dhomhain agus an bhua atá acu ar fhuinneamh cóisire a bhaint amach. Is grúpa sainiúil ó ré órga i saol oíche na hÉireann iad seo agus ceanglaíonn a gcuid seisiún ceol a chuirfeadh cumha ort agus ceol sainaitheanta club le chéile.
Tá ticéad ag teastáil don imeacht seo. Is féidir na ticéid a fháil ag an doras agus ar líne.
I mbliana don chéad uair, fáiltíonn an fhéile roimh an gcomhpháirtíocht le Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe atá maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá Geilleagar Oíche tacú le clár leathnaithe amach d’imeachtaí tráthnóna agus déanach san oíche trasna na cathrach a éascú.
