Earth Action

Ar Feadh na Bliana,

Músaem,

Ní gá clárú (saor in aisce).

Is taispeántas é Earth Action le Melanie Lynch a thugann ugach do chuairteoirí gan bheith ag déanamh imní faoin aeráid ach beart iontach a dhéanamh, taispeántas a tharraingíonn aird ar an bhfíorchontúirt a bhaineann le tomhaltas neamh-inbhuanaithe agus le brúnna aeráide do dhaoine agus don nádúr araon.

Trí leas a bhaint as gairmeacha chun gníomh eolaíochtbhunaithe, saothair ealaíne Róisín Coyle agus Eugene McKeown agus ábhar inspioráide ó fhoireann aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, cothófar nasc idir scéalta áitiúla amhail leibhéal na farraige a bheith ag ardú i nGaillimh agus tionscnaimh coillearnach áitiúla agus an ghluaiseacht ar son teacht aniar aeráide níos leithne.

Tugtar cuireadh dóibhsean a bheidh páirteach ann crainn dhúchasacha a chur, rudaí a dhéanamh gach lá chun astuithe a laghdú, páirt a ghlacadh i gcleachtais an gheilleagair chiorclaigh agus tacú le córais bia inbhuanaithe. Cuirtear abhcóideacht agus freagracht i gcomhar chun cinn leis an taispeántas agus léirítear leis an chaoi ar féidir le tionscnaimh phobail cuidiú lena chinntiú go mbeifear feasach ar chúrsaí aeráide amach anseo i nGaillimh.