An Satharn,17:00-18:00,
Puball Féile, Páirce an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
Bhí sé de rún le Botháin do Dhaoine Aiteacha, Botháin na bhFear agus Botháin na mBan spás ar leith a chruthú — spás soicheallach, nach dtugtar breithiúnas ar aon duine ann agus atá bunaithe ar scileanna praiticiúla na ndaoine sin, spás inar féidir a bheith ag déanamh rudaí agus tú i gcomhluadar daoine eile. Is iomaí duine ar fud na hÉireann, go mór mór i gceantair thuaithe, atá scoite amach agus nach bhfuil fáil acu ar phobail agus ar thacaíocht, agus is chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine sin ar tháinig borradh faoi ghluaiseachtaí dá leithéid seo. Líon fíorbheag díobh a bhí ann nuair a bunaíodh ar dtús iad ach tá líonra náisiúnta díobh anois ann a bhfuil ag éirí go maith leis. Tá 15 Bothán do Dhaoine Aiteacha amháin ann agus os cionn 1,000 duine ar fud na tíre ag tarraingt orthu. Tugtar daoine ó na trí ghluaiseacht sin in iarthar na hÉireann le chéile don phainéal seo chun labhairt faoina bhfuil i gceist le botháin faoi stiúir an phobail i ndáiríre, faoin méid atá déanta acu agus faoina bhfuil i ndán dóibh.
Míle buíochas le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an fhéile tríd an tionscnamh Gaillimh – Cathair Chiorclach’ agus le Rannóg Pobail na Comhairle as an mhaoiniú faoin LCDC. Chomh maith leis sin, míle buíochas le Comhairle Chontae na Gaillimhe, leis an City Bin Company agus le hIonad Saorálaithe na Gaillimhe.
