Innéacs Siúil agus Rothaíochta, Taisteal Gníomhach agus Athrú Iompraíochta Caint

An Déardaoin, 11:00-12:30,

Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca

Ní mór clárú (saoir in aisce): Cláraigh anseo.

Díospóireacht phainéil a bheidh san imeacht seo (tá na cainteoirí le deimhniú fós), a bheidh dírithe ar thorthaí an Innéacs Siúil agus Rothaíochta, ar bhonneagar Taistil Ghníomhaigh a fhorbairt i nGaillimh agus in áiteanna eile, agus ar bhealaí chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine páirt a ghlacadh i siúlóid ghníomhach, i ngluaiseacht ar rothaí agus i rothaíocht. https://www.galwaycity.ie/news/2026/walking-wheeling-and-cycling-take-up-to-23000-cars-off-galway-roads-every-day-according

Tacaíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta le ceannairí cathracha agus bailte tuiscint a fháil ar shiúl, ar rothaíocht agus ar an ngluaiseacht a dhéantar ar rothaí ina bpobail agus iad a fheabhsú.  Cuirtear dearcthaí an phobail in iúl leis agus cuirtear fianaise láidir ar fáil maidir leis na tairbhí a bhaineann le húsáid mhéadaithe a bhaint as taisteal gníomhach, d’úsáideoirí aonair agus don tsochaí uilig araon.

Is é an Walk, Wheel, Cycle Trust a ullmhaíonn an tuarascáil agus cuimsítear 22 chathair ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe inti, lena n-áirítear Mórcheantar na Gaillimhe.  Tacaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus na húdaráis áitiúla ábhartha lena fhoilsiú in Éirinn.

Bí i dteannta an áisitheora, an tOllamh Kevin Leyden, Scoil na hEolaíochta Polaitiúla & na Socheolaíochta, Ollscoil na Gaillimhe, agus an t-ardán á roinnt aige le:

Anthea Trainor, Comhordaitheoir Tionscadail, Innéacs Siúil & Rothaíochta, Walk, Wheel, Cycle Trust

Colin Brandsma, Bainisteoir Cláir Sinsearach, an tÚdarás Náisiúnta Iompair

Eoghan McDermott, Oifigeach Taistil Ghníomhaigh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

An Dr Féidhlim McGowan, Léachtóir le hEacnamaíocht; Stiúrthóir an Chláir MSc Fintech (Eacnamaíocht agus Teicneolaíocht Airgeadais). Ollscoil na Gaillimhe

Díol spéise a bheidh san imeacht do dhuine ar bith a bhíonn ag obair i seachadadh bonneagair, go háirithe mar a bhaineann sé le taisteal gníomhach, agus do dhuine ar bith a dtaitníonn leo a bheith ag siúl agus ag rothaíocht i gcoitinne.

Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh le activetravel@galwaycity.ie