An Domhnach, 17:30-18:30,
Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
Is banna bríomhara Laidineach é Los Wachos atá lonnaithe i nGaillimh a dhéanann ceiliúradh ar fhuaimeanna éagsúla an cheoil Laidine.
Is as tíortha éagsúla na ceoltóirí cumasacha seo léir, agus cuirfidh gach duine acu a mblas ar leith féin ar taispeáint sa gceol.
Is grúpa dlúthchairde iad atá paiseanta ceart faoi rithimí áthasacha agus mealltacha a chruthú a spreagann gach duine tabhairt faoi urlár damhsa.
Is é an misean atá acu sonas a scaipeadh trína gceol, trí chamchuairteanna ar fud na hÉireann agus trí thithe tábhairne agus féilte a lasadh suas lena gceol bríomhar.
Bí linn le haghaidh tráthnóna spraoi nach ndéanfaidh tú dearmad go brách air, áit a gcuirfidh ár gceol fonn damhsa ort!
