An Satharn, 11:00-18:00,
Páirc an Athar de Búrca
Ní gá clárú (saor in aisce).
Tugtar rannpháirtithe pobail ó chúlraí cultúir éagsúla i nGaillimh le chéile don imeacht seo, Malartú Cultúir, Scéalta faoin Aeráid, iad ag obair le healaíontóirí áitiúla chun an chaoi a mbraitear an t-athrú aeráide i dtíortha éagsúla a phlé.
Tabharfar cuireadh do chuairteoirí siúl trí láthair na féile agus seasamh ag sé sheastán a bheidh dírithe ar tír ar leith chun scéalta aeráide na dtíortha sin a fhoghlaim. Bainfear leas as taithí saoil na daoine féin, as dearadh amhairc, as réada cultúrtha, agus as sneaiceanna traidisiúnta chun na scéalta sin a insint. Beidh gach seastán faoi stiúir rannpháirtithe pobail, a thabharfaidh deis comhrá agus machnaimh a dhéanamh.
Trí chomhráite faoin aeráid a bhunú ar fhíorscéalta agus ar thaithí saoil, tá sé mar aidhm leis an tionscadal cúnamh a thabhairt do níos mó daoine a bheith airdeallach ar an athrú aeráide agus ar an gcaoi ar féidir leis tionchar a imirt ar an ngnáthshaol. Cothaítear nasc idir gníomhú ar son na haeráide agus cúrsaí cultúir, scéalaíocht agus rannpháirtíocht phobail leis an tionscadal, lena gcuirtear spás soicheallach ar fáil le go mbeidh daoine in ann a bheith i mbun comhrá, a bheith ag foghlaim agus le go mbeidh pobail in ann nasc a chothú lena chéile.
