An Déardaoin, 19:00-22:00,
Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,
Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo.
Bí i dteannta MC Shani Williams d’oíche iontach scéalta ó ghrúpaí pobail, scéalta a bhaineann le cúrsaí aeráide agus a inseofar de dhroim a chéile, chun a dtionscadail inbhuanaitheachta agus a smaointe nuálacha a chur os comhar lucht spéise beo fáilteach.
Is leagan Gaeilge é ‘Giob Geab’ d’fhormáid chur i láthair atá acu sa tSeapáin, is é sin Pecha Kucha — 5 shleamhnán, 1 nóiméad an ceann, ag úsáid íomhánna den chuid is mó — atá curtha le chéile chun go mbeidh an tráthnóna chomh tarraingteach agus chomh spraíúil agus is féidir. Is ceiliúradh é ar na bearta iontacha timpeallachta, bithéagsúlachta agus aeráide atá ar siúl ar fud Chathair na Gaillimhe. Gné nua d’imeacht na bliana seo is ea gur féidir leis an lucht spéise ceist amháin a chur ar gach láithreoir, agus ní mór don láithreoir a bheith in ann í a fhreagairt taobh istigh d’aon nóiméad amháin! Beidh Shani ag cur fuadair faoi gach uile dhuine!
Beidh foireann Chomhairle Contae agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i láthair freisin, agus tabharfar deis iontach do dhaoine aithne a chur ar a chéile agus ag foghlaim i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil agus réchúiseach.
Tá cead isteach saor in aisce.
I mbliana don chéad uair, fáiltíonn an fhéile roimh an gcomhpháirtíocht le Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe atá maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá Geilleagar Oíche tacú le clár leathnaithe amach d’imeachtaí tráthnóna agus déanach san oíche trasna na cathrach a éascú.
