An Aoine, 15:30-17:00,
Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
Tá na scoileanna dúnta anois don samhradh — agus níl aon bhealach níos fearr ann le foghlaim faoina bhfuil ag tarlú ar chladaigh na tíre! Bí ar fhoireann Galway Atlantaquaria do thráthnóna lán spraoi, tráthnóna iontach do theaghlaigh agus do ghasúir beag beann ar aois.
Glac páirt sa Midshore Memory Challenge, ná bíodh faitíos ort do lámha a fhliuchadh agus tú ag cartadh tríd na feamainne agus ag fiosrú an chaoi a bhfuil sí greamaithe den charraig, foghlaim faoin t-achar a mhaireann bruscar agus dramhaíl ar chladaigh na tíre, agus bí cruthaitheach ag Stáisiún Deartha na bhFarraigí Móra — ag dearadh do speicis nua beathra mara féin!
Oiriúnach don teaghlach ar fad. Tá cead isteach saor in aisce, agus ní gá áit a chur in áirithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Galway Atlantaquaria tabhair cuairt ar: www.atlantaquaria.ie
