Beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026, féile a bhfuil gradam buaite aici, ar ceiliúradh mór í ar chruthaitheacht, nuálacht agus gníomhaíocht pobail mar fhreagra ar an ngéarchéim aeráide, ar siúl ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2026 in ionaid éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe. Tugtar ealaíontóirí, eolaithe, foireann na comhairle agus pobail áitiúla le chéile chun borradh a chur faoi réitigh aeráide trí scéalaíocht agus cultúr a fhiosrú.
Beidh níos mó ná 30 imeacht ar siúl le linn na féile cúig lá seo, imeachtaí amhail taispeántais idirghníomhacha, suiteálacha ealaíne aeráide, ceol beo, aonach pobail, picnic faoin spéir, ceardlanna inbhuanaitheachta, agus príomhchainteanna agus painéil ó cheannairí inbhuanaitheachta. Tá an clár seo leagtha amach chun samhlaíocht phoiblí a spreagadh agus pobail a chumasú chun gníomhú go fiúntach ar son na haeráide.
Is i bPáirc an Athar de Búrca is mó a bheidh imeachtaí na féile ar siúl agus is iad na cainteoirí atá deimhnithe go dtí seo Harrison Gardner, láithreoir “Build Your Own Home” ar TV, Michael D Higgins, an tOllamh John Sweeney, an t-ailtire Róisín Murphy, an t-údar John Gibbons agus na ceoltóirí Sharon Shannon, Jiggy agus DJ Sally Cinnamon.
I mbliana don chéad uair, fáiltíonn an fhéile roimh an gcomhpháirtíocht le Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe atá maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá Geilleagar Oíche tacú le clár leathnaithe amach d’imeachtaí tráthnóna agus déanach san oíche trasna na cathrach a éascú.
Míle buíochas le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an fhéile tríd an tionscnamh Gaillimh – Cathair Chiorclach’ agus le Rannóg Pobail na Comhairle as an mhaoiniú faoin LCDC. Chomh maith leis sin, míle buíochas le Comhairle Chontae na Gaillimhe, leis an City Bin Company agus le hIonad Saorálaithe na Gaillimhe.

Caint le Harrison Gardner
An Satharn, 16:00-17:00, Puball Féile
Uaireanta is é an gníomh is radacaí ar fad ná rud éigin a bhaint ó chéile. Sa chaint mhachnamhach seo, fiosraíonn Harrison Gardner — tógálaí inbhuanaithe, oideachasóir agus a bhí le feiceáil ar ‘Build your own Home’ ar TV — an chaoi go gcaithfidh tú misneach a bheith agat scaití éirí as na drochnósanna atá againn agus aghaidh a thabhairt ar bhealaí nua le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, agus an t-údar gurb é sin an scil is tábhachtaí atá againn ina leith.

Jiggy
An Satharn, 19:00-20:15, Puball Féile
Meascann seisiún tapa bríomhara Jiggy ceol traidisiúnta na hÉireann, rithimí domhanda agus rithimí damhsa nua-aoiseacha le chéile in eispéireas beo mealltach.
Bhí an-tóir go deo ar fhíseán an bhanna, ‘Silent Place’, ag lucht idirlín in 2018, agus iad ag ceiliúradh chomhcheangal domhanda an damhsa. Bhain an físeán níos mó ná 65 milliún amharc amach ar líne.

Climate Cocktail Club
An Aoine, 17:30-22:00, Puball Féile
Is in Iarthar na hÉireann a dtagann an chré agus an sáile le chéile, áit ina bhfuil bealaí ársa fite fuaite le bealaí uailmhianacha nua, agus an áit a dtugann an Eoraip a haghaidh ar Mheiriceá, atá trasna na farraige is fiáine ar domhan. Tugtar deis le Tionchar an Atlantaigh Fhiáin do na daoine sin atá ag iarraidh deiseanna a chruthú i iarthar na hÉireann teacht le chéile – deiseanna amhail athghiniúint na n-aigéan, fuinneamh in-athnuaite, cultúr beo, gnólachtaí a bhfuil teacht aniar iontu agus a mbeidh borradh fúthu amach anseo agus deiseanna fiontraíochta spleodracha – agus a mbeidh tionchar acu.
