Jiggy

An Satharn, 19:00-20:15,

Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,

Tá ticéad ag teastáil don imeacht seo. Cláraigh anseo.

Meascann seisiún tapa bríomhara Jiggy ceol traidisiúnta na hÉireann, rithimí domhanda agus rithimí damhsa nua-aoiseacha le chéile in eispéireas beo mealltach.

Bhí an-tóir go deo ar fhíseán an bhanna, ‘Silent Place’, ag lucht idirlín in 2018, agus iad ag ceiliúradh chomhcheangal domhanda an damhsa. Bhain an físeán níos mó ná 65 milliún amharc amach ar líne. Chuaigh a gcéad albam ‘Translate’ go dtí uimhir a haon  sna cairteacha ceoil dhomhanda in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Fhrainc, san Astráil, sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe, rud a fhágann go mbíonn an-tóir ag lucht spéise na bhféilte orthu ar fud na cruinne. Bhí Jiggy ar stáitse ó shin sna Stáit Aontaithe, san India, sa Chasacstáin, san Eoraip agus sa Ríocht Aontaithe.

Faigh tuilleadh eolais faoi Jiggy ag: www.jiggymusic.ie