An Domhnach, 18:40-19:30,
Puball Féile, Páirce an Athar de Búrca,
Ní gá clarú(saor in aisce).
Is banna ceoil as Conamara iad Colm Seoighe agus na hEasógaí, atá ag teacht chun cinn le cúpla bliain anuas agus iad ag cruthú ceol nua-aimseartha trí mheán na Gaeilge. Lonnaithe i nGaillimh, tá fuaim úr ar leith forbartha acu a nascann ceol, focail agus íomhá ó bunaíodh iad i Scoil Chuimsitheach Chiaráin in 2022.
Meascann na hEasógaí rac-cheol, ceol traidisiúnta Gaelach agus ceol domhanda, agus a dteanga dhúchais, an Ghaeilge, i gcroílár a saothair. Baintear leas as uirlisí ar nós na bpíob uilleann agus an ghiotáir leictreach chun an fhuaim shaibhir, éagsúil seo a chruthú.
Is é Colm Seoighe as Ros an Mhíl príomhamhránaí agus cumadóir an ghrúpa. In éineacht leis tá Fionn Ó Cualáin, Daragh Jennings, Seán Ó Gallchobhair agus Muiris Ó Clochartaigh, chomh maith le comhoibritheoirí eile ó am go chéile.
Tar éis dóibh camchuairt a dhéanamh ar fud na tíre le Damien Dempsey san earrach, tá aitheantas níos leithne bainte amach ag an mbanna, agus tá siad le feiceáil ar chlár RTÉ An Ghig Mhór.
