An Satharn, 14:00-15:30,
Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca
Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo.
I ndomhan atá ag cur thar maoil le faisnéis, tá an bealach a labhraímid faoi athrú aeráide chomh tábhachtach céanna leis na réitigh a mholann muid. Fiosraítear sa seisiún seo mar is féidir le cumarsáid — atá soiléir, daonna, cruthaitheach agus misniúil — a bheith ar cheann de na huirlisí is cumhachtaí atá againn chun gníomhú ar son na haeráide.
Agus leas á bhaint as eolaíocht agus síceolaíocht na cumarsáide aeráide, cuirfidh an painéal inár láthair mar is féidir le scéalta, comhráite agus insintí pobail meonta a athrú, athrú iompraíochta a spreagadh, agus gníomhaíocht chomhchoiteann a neartú. Ó aghaidh a thabhairt ar thuirse aeráide go guthanna áitiúla a chumhachtú, scrúdaítear an chaoi a sheasann an chumarsáid sa mbearna idir eolas agus gníomh.
I measc na gcainteoirí beidh an tOllamh John Sweeney (Ollscoil Mhá Nuad), Lucie Martin (Oifigeach Taighde, an tAonad Léargais Iompraíochta, ESRI), agus Laura Costelloe (Ceann na Seirbhísí Inbhuanaitheachta agus Pláinéid, Hometree). Arna mhodhnú ag Róisín Murphy, ailtire, ealaíontóir, dearthóir intí agus craoltóir a bhfuil cáil uirthi ón gclár ar RTÉ, Home Rescue.
Tá cead isteach saor in aisce, ach ní mór clárú roimh ré.

