Oíche Oscailte Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2026

An Chéadaoin, 18:00-20:00,

Músaem Chathair na Gaillimh,

Ní mór clárú (saor in aisce)

Cuir tús le Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2026 i Músaem Cathrach na Gaillimhe agus bain sult as an méid atá beartaithe. Tráthnóna oscailte suaimhneach fáilteach a bheidh ann ina mbeidh siamsaíocht deas réidh ar fáil, ina gcloisfear fuaimeanna atá faoi anáil na haeráide, agus ina bhfaighfear deis súil a chaitheamh ar chlár iomlán na féile.

Is cuma más ag troid ar son na haeráide le fada an lá atá tú nó mura bhfuil tú ach fiosrach faoin méid a bheidh ar fáil le linn na féile, is iontach an léargas a thabharfar le linn na hoscailte seo ar na ceithre lá de chainteanna, ceol, ceardlanna, taispeántais agus imeachtaí pobail atá amach romhainn.

Téigh chuig www.galwaycitymuseum.ie