An Satharn, 12:30-13:20,
Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca
Ní gá clárú (saor in aisce).
Beidh ceol so-aitheanta Sharon Shannon, duine de na ceoltóirí is mó a bhfuil meas uirthi in Éirinn, le cloisteáil ar stáitse Fhéile na nInspioráidí Aeráide freisin le haghaidh seó speisialta ag am lóin.
Tá cáil ar Sharon Shannon as an rímháistreacht atá aici ar an mbosca ceoil agus an chaoi a bhfuil sí in ann ceol traidisiúnta na hÉireann a mheascadh le tionchair ó gach cearn den domhan, agus tá sí ag mealladh lucht spéise le breis agus tríocha bliain. Is cinnte go mbeidh a seó ar cheann de bhuaicphointí na féile. Beidh Alan Connor, ceoltóir iluirlise agus amhránaí, i dteannta Sharon.
Tá cead isteach saor in aisce, agus ní gá áit a chur in áirithe.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Sharon Shannon ar: https://sharonshannon.com/
