Féile Aeráide na Gaillimhe

Inspioráid Aeráide - Pobail i mBun Gnímh

12 - 15 Meán Fómhair 2024

Is féile nuálaíoch, chruthaitheach le mian an chomhoibre í Inspioráid Aeráide - Pobail i mBun Gnímh’ atá aidhm an scéal am gníomhaíochta aeráide a chur trasna go dearfach. 

Is tionscnamh de chuid Fhoireann Ghníomhaíochta Aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é a bhainfidh leas as fuinneamh cruthaitheach na Gaillimhe ag tarraingt ar chultúir amharclainne, ceoil, ealaíne, taistil ghníomhacha, spóirt, na Gaeilge agus bia, ag díriú ar na cuspóirí atá leagtha síos  i bPlean Gníomhaíochta ar Son na hAeráide Chathair na Gaillimhe ar reachtaíodh le déanaí.

Beidh trí lá d’imeachtaí ar siúl in ionaid éagsúla i lár na cathrach ón 12 go dtí an15 Meán Fómhair 2024.  

I measc na bpríomhimeachtaí tá ‘Playful Streets’, ar fud fad na Sráide Láir ina mbeidh idir chluichí, amharcléiriú sráide, péinteáil éadan, ealaín, sorcas agus go deimhin ceol, chuile cheann acu saor in aisce, ar mhaithe le machnamh agus plé aeráide a spreagadh. 

Breathnóidh sraith cainteanna agus díospóireachta i bhformáid painéil, ar siúl sa Taibhdhearc Dé hAoine 13  Meán Fómhair ┐ Dé Sathairn 14 Meán Fómhair, ar ábhair éagsúla ar nós cé chomh réadúil is indéanta atá sé chun spriocanna carbóin a bhaint amach, cén chaoi dhul faoi réir d’impleachtaí aimsire an athraithe aeráide agus sracfhéachaint ar scéalta spreagúla ar fud na cruinne. 

Beidh ceardlanna deisiúcháin á reáchtáil ag an gCaifé Deisiúcháin ag Músaem Chathair na Gaillimhe, dírithe ar ghlantosaitheoirí ar an Satharn an 14 Meán Fómhair agus beidh deis eile ann geilleagar ciorclach na Gaillimhe a chur chun cinn Dé Domhnaigh 15 Meán Fómhair leis an Margadh Seanré ar an tSráid Láir. 

Tabharfaidh an ócáid ‘Féasta’ Dé Sathairn 14 Meán Fómhair 2024 ag Printworks ar Shráid an Mhargaidh deis do dhaoine cuid den bhia a tháirgtear go hinmharthana is go háitiúil san Iarthar a bhlaiseadh ag preab-ócáid an bhoird fhada. Fiontar sóisialta nua Hinterland atá á reáchtáil, fiontar a bhfuil sé mar aidhm aige an nasc idir an duine, an áit agus an bia a léiriú agus a chraobhscaoileadh. Cócaire Gaillimheach Enda McEvoy, léiritheoir Claire Davy agus feirmeoir áitiúil Fergal Anderson a bhunaigh Hinterland agus tá súil acu bealaí nuálacha a chur chun cinn do chóras beatha atá cóir, cothrom, sláintiúil agus inmharthana.

Tá Clár na Féile ar fáil anseo.


Galway Climate Festival
Climate Inspirations - Communities in Action
Sept 12 - 15 2024

Climate Inspirations-Communities in action’ is an innovative, creative and collaborative festival which aims to change the narrative around climate action to one of positivity.


An initiative of the Galway City Council Climate Action Team it will harness Galway's creative energy and embrace our theatrical, musical, art, active travel, sport, Gaeilge and food cultures and will deliver on objectives as set out in the recently adopted Galway City climate action plan.


Opening on September 12 the festival will deliver 3 full days of events in a variety of venues in the city centre from Sept 12 to 15.

Highlights include ‘Playful Streets’, taking over Middle street and transforming it with a full free programme of games, pop-up street theatre, face painting, art, circus, and musical performances all aimed at prompting climate conversations.

A series of talks and panel discussions taking place in An Taibhdhearc on Friday 13 & Sat 14 will look at a variety of topics like the reality of achieving Carbon targets, how we adapt to the weather implications of climate change and a look at inspirational stories from around the world.

The repair Café at the Galway City museum will run mending workshops aimed at beginners on Sat 14 and there will be a further chance to promote Galway’s circular economy on Sunday 15 with the second hand market on Middle Street.

Féasta on Sat 14 in the Printworks, curated by Hinterland will provide an opportunity for people to enjoy some of the best local sustainably produced food in the West at a long table pop up. Hinterland, a new social enterprise aims to connect people food and place. Established by Glway chef Enda McEvoy, producer Claire Davy and local farmer Fergal Anderson they hope to create innovative solutions for a just, equitable, healthy and sustainable food system.  

The programme of events is available to view here.