Músaem Taispeántais Fuaimeanna an Athraithe Aeráide

An Luain – An Domhnach

Músaem,

Ní gá clárú (saor in aisce).

Is taispeántas closamhairc tumthach é Fuaimeanna an Athraithe Aeráide a chruthaigh an tInnealtóir agus Fuaimeolaí Eugene McKeown, agus a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 2025.
Leis an taispeántas, tugtar cuireadh do chuairteoirí taithí a fháil ar thimpeallacht athraitheach na hÉireann agus an domhain trí fhuaim — ó oighearshruthanna ag leá go dtí na séasúir ag athrú — próisis a chruthaíonn fuaimdhreach spreagúil a nascann fírinne eolaíochta an athraithe aeráide leis an taithí mothúchánach céadfach atá againn air.
Tá cead isteach saor in aisce, agus ní gá áit a chur in áirithe. Tabhair cuairt ar suíomh Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe chun tuilleadh eolais a fháil: www.galwaycitymuseum.ie