An tAthrú Aeráide agus na Pobail atá i mBaol:  Dearcthaí Áitiúla, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

An Aoine, 11:00-12:30,

Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,

Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo.

Tá an t-athrú aeráide ag neartú agus tá a thiochar le brath níos gaire do bhaile. Ba léir de bharr Stoirm Eowyn agus Stoirm Chandra nach mar a chéile a bhraitear tionchair na haeráide in aon dá áit in Éirinn. Éiríonn le pobail áirithe teacht chucu féin sách sciobtha; bíonn ar phobail eile aghaidh a thabhairt ar thréimhse shuaite níos faide, bíonn brú orthu ó thaobh airgeadais de, agus méadaíonn an baol atá i gceist dóibh.

Pléifear an ghné dhaonna a bhaineann leis an athrú aeráide le linn na cainte seo — na daoine is mó a ndéantar difear dóibh, an fáth a bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó, agus an méid is féidir le muintir na hÉireann a fhoghlaim ó na pobail sin ar fud an domhain is mó atá i mbaol. Ó bhailte faoin tuath go sráidbhailte le cósta atá i mbaol tuilte agus ceantair uirbeacha atá scoite amach fiosrófar an chaoi a gcuireann an adhaimsir leis an éagothroime shóisialta, sláinte agus eacnamaíocha.

Trí bheith ag breathnú chun cinn, scrúdófar samhlacha athléimneachta idirnáisiúnta: cosaintí tuilte dúlrabhunaithe, oiriúnú faoi stiúir an phobail, córais réamhrabhaidh, agus cláir cosanta sóisialta lena gcosnaítear na daoine is mó atá i mbaol.

Beidh teachtaireacht shoiléir á cur in iúl sa seisiún: ní mór don ghníomhú ar son na haeráide a bheith cothrom, cuimsitheach agus dírithe ar na daoine sin is mó a dteastaíonn sé uathu. Tá sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar an athléimneacht – go háitiúil agus ar fud an domhain. Tá na painéalaithe agus cainteoirí le deimhniú fós