An Domhnach, 13:00-15:00,
Puball Stráice, Páirc an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
Is comharghrúpa ban atá bunaithe i nGaillimh iad Mná Mná a thacaíonn le mná cumasacha i saol an cheoil leictreonaigh ar fud na hÉireann. Tá eolas orthu mar gheall ar a gcuid seiteanna dinimiciúla agus fuinniúla, agus cruthaíonn siad meascán den cheol house, teicnicheol agus ceol leictreo chun eispéiris thumthacha a dhéanamh don urlár damhsa a théann i bhfeidhm ar lucht spéise éagsúil.
Ó oícheanta clubanna go taibhléirithe móra féilte, cothaíonn Mná Mná fuinneamh úr ionchuimsitheach atá fréamhaithe sa bpobal, sa gcruthaitheacht, agus sa ngrá don cheol. Beidh siad le cloisteáil ag roinnt de na himeachtaí is mó in Éirinn an samhraidh seo, agus is fiú súil a choinneáil ar an gcomharghrúpa seo atá ag dul ó neart go neart.
