De Dhomnach, 12:00-13:00,
Puball Stráice, Páirc an Athar de Búrca
Ní gá clárú (saor in aisce).
Is file, scríbhneoir agus amhránaí dátheangach í Julie Goo as Cathair Chorcaí. Tá a cuid oibre foilsithe go forleathan, foilsíodh í le gairid in Athbhreithniú Éigse Éireann agus in Stinging Fly, agus d’fhoilsigh Coiscéim an chéad chnuasach a scríobh sí, DÁNA, in 2021. Tá dánta áirithe aistrithe go Béarla, Gearmáinis agus Iodáilis, agus roghnaigh Éigse Éireann roinnt dánta mar chuid de chomórtas Ghuth na hÉigse i meánscoileanna. Is í Goo aoi-eagarthóir na Gaeilge do HOWL New Irish Writing 26, agus beidh an chéad úrscéal a scríobh sí á eisiúint ag Mercier Press in 2027. Is duine í de bheirt cheoltóirí leictreonacha hip hap dhátheangacha, shelovescalpol, agus tá sí ina ball den ghrúpa AerachAiteachGaelach.
