Comórtas Cór ar mhaithe leis an Aeráid

An Domhnach, 11:45-13:45,

Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,

Free, no registration required.

Cuireann an Fhéile Inspioráidí Aeráide a céad Chomórtas Amhránaíochta Cór i láthair — agus tugtar cuireadh do chóir ó gach cearn de Ghaillimh agus níos faide i gcéin a nguthanna a úsáid ar mhaithe leis an bpláinéad.

Is féidir le cóir de gach méid, aois agus stíl ceoil cur isteach ar an gcomórtas seo. Canfaidh na cóir a ghlacfaidh páirt dhá amhrán atá spreagtha ag gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht timpeallachta, agus tugtar ugach mór dóibh a bheith cruthaitheach agus a léirmhíniú féin a thabhairt. Bronnfar duais €300 ar an gcór a thiocfaidh sa gcéad áit agus beidh duaiseanna ann freisin don dream a thiocfaidh sa dara háit.

Tá áthas orainn go bhfuil na cóir seo a leanas ag glacadh páirte:
Cór Síochána Bhaile Átha an Rí
Cór Harmony na hÚcráine
Ensemble Alumni na Gaillimhe
Cór Rise
Grúpaí amhránaíochta Pobail Bhaile an Phoill agus an Taobh Thiar

Chun tuilleadh eolais a fháil nó do chór a chlárú.