Taispeáint an scannáin Wildkind

An Déardaoin – An Domhnach,

Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca,

Ní gá clárú (saor in aisce).

Is scannán beoite deich nóiméad é Wildkind le Ciara Tinney, cruthaitheoir as Fear Manach. Tá an scannán bunaithe ar a leabhar maisithe a scríobh sí dá hiníonacha chun cabhrú leo saol fiáin agus cineálta a chaitheamh. Beidh an scannán á thaispeáint go leanúnach i gcaitheamh na féile.

Rabharta neamhbhuan draíochta — druid — ag eitilt os cionn talún agus farraige, í ar thuras céadfach dóchais agus slánaithe ar fud ár dTír Dúchais comhroinnte uiscedhatha. Treoraithe ag tuin ghnaíúil, cairdiúil Éirú, arna guthú ag trí ghlúin de mhná, bogann an scannán ó Iníon go Máthair go Seanmháthair, de réir mar a théitear trí rothaí móra an tsaoil.
Is dán é Wildkind, atá inste i mBéarla, i nGaeilge agus in Araibis, agus atá curtha sa gcaoi is go músclaítear na céadfaí — fuaimdhreach atá fite fuaite le taifeadtaí fiáine ón saol faoin spéir, ceiliúr na n-éan agus slaparnach na dtaoidí. Taispeánfar an scannán álainn seo ag amanna éagsúla i rith na féile i bpuball na féile.

Tá cead isteach saor in aisce. Tá breis eolais ar fáil ar www.wildkind.ie