An Déardaoin – An Domhnach,
Páirc an Athar de Búrca,
Ní gá clárú (saor in aisce).
In 2024, tháinig Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le chéile chun tionscnamh Grianghrafadóir Cónaithe a chruthú ar mhaithe le timpeallacht na hÉireann agus ár bhfreagairt ar an ngéarchéim aeráide a ghabháil agus a thaifeadadh go físiúil.
Ina Grianghrafadóir Cónaithe di, thug Paula T Nolan ‘AthAmharc ar Éirinn: Staidéar Grianghrafadóireachta ar Chomhshaol na hÉireann’ ar a tionscadal agus chuaigh sí ar camchuairt leis go dtí na 26 chontae idir Aibreán 2024 agus Bealtaine 2025 agus rinne sí é sin trí úsáid a bhaint as iompar poiblí agus rothar leictreach. Fad a bhí sí i ngach aon chontae, lean sí uirthi ag tógáil grianghraf agus ag cur agallaimh ar dhaoine arb iad ábhar a ngrianghraf iad.
Fad a bhí sí i nGaillimh dá tionscadal thug sí cuairt ar Inis Mór ós rud é gur áit faoi chosaint agus gur Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta é, le go mbeadh sí ábalta torthaí thionscadal AranLIFE a chur i bhfoirm grianghraif, agus thug sí cuairt freisin ar The City Bin Company agus Galway Metal in Órán Mór chun téamaí na hathúsáide agus na hathchúrsála a fhiosrú.
Tá an tsraith grianghraf digiteach a tháinig as sin anois mar chuid de na Bailiúcháin Dhigiteacha Náisiúnta bhuana i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá breis eolais ar fáil ar www.nli.ie
Is taispeántas saor in aisce faoin spéir é seo a bheidh ar siúl ó Déardaoin go dtí Dé Domhnaigh le linn na féile.

