• Oíche Oscailte Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2026

    Oíche Oscailte Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2026

    An Chéadaoin, 18:00-20:00, Músaem Chathair na Gaillimh, Ní mór clárú (saor in aisce) Cuir tús le Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2026 i Músaem Cathrach na Gaillimhe agus bain sult as an méid atá beartaithe. Tráthnóna oscailte suaimhneach fáilteach a bheidh ann ina mbeidh siamsaíocht deas réidh ar fáil, ina gcloisfear fuaimeanna atá faoi anáil…

  • Innéacs Siúil agus Rothaíochta, Taisteal Gníomhach agus Athrú Iompraíochta

    Innéacs Siúil agus Rothaíochta, Taisteal Gníomhach agus Athrú Iompraíochta

    An Déardaoin, 11:00-12:30, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca Ní mór clárú (saoir in aisce): Cláraigh anseo. Tacaíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta le ceannairí cathracha agus bailte tuiscint a fháil ar shiúl, ar rothaíocht agus ar an ngluaiseacht a dhéantar ar rothaí ina bpobail agus iad a fheabhsú.  Cuirtear dearcthaí an phobail in…

  • Seisiún Ceoil ag Am Lóin

    Seisiún Ceoil ag Am Lóin

    An Déardaoin, 11:00-12:30, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca Ní gá clárú (saor in aisce). Bain sult as seisiún suaimhneach ceoil ag am lóin Dé hAoine i bPuball na Féile. Deis iontach chun scíth a ligean, agus chun nasc a chothú le daoine eile idir na seisiúin.

  • Tionscadail Taistil Ghníomhaigh i gCathair na Gaillimhe – Turas Treoraithe

    Tionscadail Taistil Ghníomhaigh i gCathair na Gaillimhe – Turas Treoraithe

    An Déardaoin, 13:30-15:00, Turas Treoraithe, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Bí ar fhoireann Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun cuairteanna treoraithe a thabhairt ar chuid de na tionscadail bhonneagair is nuaí i gCroílár Chathair na Gaillimhe. Tabharfar cuairt le linn na siúlóide gearr treoraithe ar Uasghrádú Acomhal an Chorráin / Bhóthar…

  • Music Generation – Ceol sa Nádúr

    Music Generation – Ceol sa Nádúr

    An Deardaoin, 16:30-18:30, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Tugann Music Generation Chathair na Gaillimhe cuireadh do dhaoine óga féachaint ar ghníomhú ar son na haeráide trí chumhacht na hamhránaíochta cruthaithí sa cheardlann idirghníomhach seo a bheidh ar siúl tráthnóna i bPuball na Féile. Déanfaidh na…

  • Giob Geab le Shani Williams

    Giob Geab le Shani Williams

    An Déardaoin, 19:00-22:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Bí i dteannta MC Shani d’oíche iontach scéalta ó ghrúpaí pobail, scéalta a bhaineann le cúrsaí aeráide agus a inseofar de dhroim a chéile, chun a dtionscadail inbhuanaitheachta agus a smaointe nuálacha a chur os comhar lucht…

  • An tAthrú Aeráide agus na Pobail atá i mBaol:  Dearcthaí Áitiúla, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

    An tAthrú Aeráide agus na Pobail atá i mBaol:  Dearcthaí Áitiúla, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

    An Aoine, 11:00-12:30, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Tá an t-athrú aeráide ag neartú agus tá a thiochar le brath níos gaire do bhaile. Ba léir de bharr Stoirm Eowyn agus Stoirm Chandra nach mar a chéile a bhraitear tionchair na haeráide in aon dá…

  • Seisiún Ceoil ag Am Lóin

    Seisiún Ceoil ag Am Lóin

    An Aoine, 12:30-13:30, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca Ní gá clárú (Saor in aisce). Bain sult as seisiún suaimhneach ceoil ag am lóin Dé hAoine i bPuball na Féile. Deis iontach chun scíth a ligean, greim a fháil le hithe, agus chun nasc a chothú le daoine eile idir na seisiúin.

  • Ceardlann Faoin Athrú Aeráide agus na Pobail atá i mBaol

    Ceardlann Faoin Athrú Aeráide agus na Pobail atá i mBaol

    An Aoine, 13:30-15:00, Puball Féile, Páirce an Athar de Búrca, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Tar éis chaint na maidine ar an athrú aeráide agus ar na pobail atá i mbaol, tugtar deis leis an gceardlann idirghníomhach seo dóibhsean a bheidh páirteach ann plé níos doimhne a dhéanamh ar na téamaí a…

  • Carnabhal Aeráide tar éis na Scoile

    An Aoine, 15:30-17:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Tá na scoileanna dúnta anois don samhradh — agus níl aon bhealach níos fearr ann le foghlaim faoina bhfuil ag tarlú ar chladaigh na tíre! Bí ar fhoireann Galway Atlantaquaria do thráthnóna lán spraoi, tráthnóna iontach do theaghlaigh agus…

  • Club Cocktail Aeráide

    Club Cocktail Aeráide

    An Aoine, 18:00-22:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Teastaíonn Ticéid: Cliceáil anseo. Is in Iarthar na hÉireann a dtagann an chré agus an sáile le chéile, áit ina bhfuil bealaí ársa fite fuaite le bealaí uailmhianacha nua, agus an áit a dtugann an Eoraip a haghaidh ar Mheiriceá, atá trasna na farraige is…

  • Cóisir i ndiaidh an Club Cocktail Aeráide

    Cóisir i ndiaidh an Club Cocktail Aeráide

    An Aoine, 10:00-Déanach, Thuas an Staighre sa Róisín Dubh, Ní gá clárú (saor in aisce). Bí linn i ndiaidh an Climate Cocktail Club chun casadh le daoine agus chun damhsa a dhéanamh le ceol ó na DJanna, thuas staighre sa Róisín Dubh. Comhráite maithe, ceol maith, agus bealach deas chun deireadh a chur leis an…

  • The Lie of the Land: In Conversation with John Gibbons

    The Lie of the Land: In Conversation with John Gibbons

    An Satharn, 11:00-12:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Bí i dteannta an iriseora agus an údair comhshaoil John Gibbons d’imeacht comhrá a bheidh dírithe ar a leabhar nua ‘The Lie of the Land’ — scrúdú gan teorainn ar na roghanna atá le déanamh anseo againn…

  • Sharon Shannon

    Sharon Shannon

    An Satharn, 13:00-13:50, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca Ní gá clárú (saor in aisce). Beidh ceol so-aitheanta Sharon Shannon, duine de na ceoltóirí is mó a bhfuil meas uirthi in Éirinn, le cloisteáil ar stáitse Fhéile na nInspioráidí Aeráide freisin le haghaidh seó speisialta ag am lóin. Tá cáil ar Sharon Shannon as…

  • An Chumarsáid ina Réiteach ar Ghníomhú ar son na hAeráide le MC Róisín Murphy

    An Chumarsáid ina Réiteach ar Ghníomhú ar son na hAeráide le MC Róisín Murphy

    An Satharn, 14:00-15:30, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. I ndomhan atá ag cur thar maoil le faisnéis, tá an bealach a labhraímid faoi athrú aeráide chomh tábhachtach céanna leis na réitigh a mholann muid. Fiosraítear sa seisiún seo mar is féidir le cumarsáid — atá…

  • Caint le Harrison Gardner

    Caint le Harrison Gardner

    An Satharn, 16:00-17:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní mór clárú (saor in aisce): Cláraigh anseo. Uaireanta is é an gníomh is radacaí ar fad ná rud éigin a bhaint ó chéile. Sa chaint mhachnamhach seo, fiosraíonn Harrison Gardner — ailtire, oideachasóir agus a bhí le feiceáil ar ‘Build your own Home’ ar…

  • Jiggy

    Jiggy

    An Satharn, 19:00-20:15, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Tá ticéad ag teastáil don imeacht seo. Cláraigh anseo. Meascann seisiún tapa bríomhara Jiggy ceol traidisiúnta na hÉireann, rithimí domhanda agus rithimí damhsa nua-aoiseacha le chéile in eispéireas beo mealltach. Bhí an-tóir go deo ar fhíseán an bhanna, ‘Silent Place’, ag lucht idirlín in 2018,…

  • Caifé Deisiúcháin

    Caifé Deisiúcháin

    An Satharn, 10:00-13:00, Puball Stráice, Páirce an Athar de Búrca, Chun d’áit a chur in áirithe, déan teagmháil le environment@galwaycity.ie Is gluaiseacht phobail iad na Caiféanna Deisiúcháin a bhfuil sé mar aidhm acu dramhaíl agus ró-thomhaltas a laghdú trí dhaoine a thabhairt le chéile chun an méid atá briste a dheisiú, scileanna praiticiúla a roinnt,…

  • SEAI

    SEAI

    An Satharn, 11:00-18:00, Puball Stráice, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Déanfaidh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) seastán eolais a óstáil ag Féile Aeráide na Gaillimhe, ina gcuirfear comhairle phraiticiúil faoi dheontais agus tacaíochtaí fuinnimh tí ar fáil d’úinéirí tí. Is féidir le daoine seasamh isteach agus fáil amach…

  • Madra sa bPáirc

    Madra sa bPáirc

    An Satharn, 11;00-18:00, Puball Stráice, Páirc an Athar de Búrca Ní gá clárú (saor in aisce). Tar chomh fada le MADRA ag Féile na nInspioráidí Aeráide! Tá muid ag cur ‘‘Bíodh Cion agat ar do Mhadra, Bíodh Cion agat ar do Chathair’ agus ‘Adopt, Don’t Shop’ chun cinn – chun seans eile a thabhairt do…

  • Juanita’s Big Problem (Seó Sorcais)

    Juanita’s Big Problem (Seó Sorcais)

    An Satharn, 12:00 & 14:00, Puball Stráice, Father Burke Park, Ní gá clárú (saor in aisce). Tá Juanita an Glantóir ag bailiú a cuid bruscair le bliain anuas — ach céard a dhéanfaidh sí anois leis an bplaisteach seo ar fad? Tá cúnamh ag teastáil uaithi! Sa seó 45 nóiméad lánspraoi grinn seo, tabharfaidh bean…

  • Aonach Gníomhaíochta Comhshaoil na Gaillimhe 2026

    An Satharn, 11:00-18:00, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Ar mhaith leat níos mó a dhéanamh i do phobal féin ar mhaithe leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht? Tar chuig Aonach na nOibrithe Deonacha i bPáirc an Athar de Búrca agus buail leis na grúpaí agus na heagraíochtaí…

  • Curly Organ

    Curly Organ

    An Satharn, Páirc an Athar de Búrca (Seó fánaíochta) Ní gá clárú (saor in aisce). Cuirfidh The Curly Organ a bhfuaim shainiúil féin ar fáil i bPáirc an Athar de Búrca le linn a dtaibhithe bhríomhair tráthnóna. Tá an-tóir ar an ngrúpa seo i saol an cheoil i nGaillimh agus is féidir leat a bheith…

  • Cóisir Shráide sa Limistéar Thiar le Samba Wave & DJ Kelsey Selky

    An Satharn, 19:00-22:00, Cheann Thiar na Gaillimhe, Ní gá clárú (saor in aisce). Is é Cóisir Shráide an Limistéir Thiar croílár Fhéile na nInspioráidí Aeráide oíche Dé Sathairn — ceiliúradh bríomhar de chineál carnabhail é seo a ghlacfaidh smacht ar shráideanna Limistéar Thiar na Gaillimhe le ceol beo, spiorad pobail, agus damhsa amach san oíche.…

  • Cóisir Chlabhsúir le Love Smoke & Sally Cinnamon

    Cóisir Chlabhsúir le Love Smoke & Sally Cinnamon

    An Satharn, 22:00-Déanach, Róisín Dubh, Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach féachaint ar www.roisindubh.net. Cuirfear clabhsúr breá le hoíche Dé Sathairn ag an gCóisir Chlabhsúir a bheidh ar siúl i bPríomhsheomra Róisín Dubh, a mbeidh beirt DJanna den scoth páirteach ann. Cuirfidh LoveSmoke as Sligeach seisiún spreagúil fuinniúil ar fáil a bhfuil tionchar mór…

  • Comórtas Cór ar mhaithe leis an Aeráid

    Comórtas Cór ar mhaithe leis an Aeráid

    An Domhnach, 11:45-13:45, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Free, no registration required. Cuireann an Fhéile Inspioráidí Aeráide a céad Chomórtas Amhránaíochta Cór i láthair — agus tugtar cuireadh do chóir ó gach cearn de Ghaillimh agus níos faide i gcéin a nguthanna a úsáid ar mhaithe leis an bpláinéad. Is féidir le cóir…

  • An Tara – Tommy Hayes & Mathew Noone

    An Tara – Tommy Hayes & Mathew Noone

    An Domhnach, 14:00-15:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca Ní gá clárú (saor in aisce). Is iad Tommy Hayes agus Matthew Noone An Tara.  Fiosraíonn siad na spásanna idir traidisiúin cheol Clasaiceach na hÉireann agus na hIndia. Meastar an bheirt a bheith ina gceannródaithe ar a n-uirlisí roghnaithe agus nach bhfuil aon fhaitíos orthu…

  • Spóirt agus Cluichí Pobail

    Spóirt agus Cluichí Pobail

    An Aoine, An Satharn, agus An Domhnach, 11:00-18:00, Páirc an Athar de Búrca Ní gá clárú (saor in aisce). Tabhair faoi lá lán le spraoi de chluichí spóirt clasaiceacha a oirfidh do gach aois! Bain triail as na seanchluichí sin a bhfuil an-tóir orthu, tarraingt téide ina measc. Is cuma má tá tú ag imirt…

  • Margadh Dara Láimhe

    An Domhnach, 11:00-18:00, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Ní bheadh a fhios agat céard a d’aimseofá ag an Margadh Éadaí Dara Láimhe agus Ciorclach! Téigh ag tochailt sna héadaí, tacaigh leis an tsiopadóireacht inbhuanaithe, agus bain píosa eile as na héadaí áille seo. Is faoi stíl, airgead a shábháil…

  • Madra sa bPáirc

    Madra sa bPáirc

    An Domhnach, 11:00-18:00, Puball Stráice, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Tar chomh fada le MADRA ag Féile na nInspioráidí Aeráide! Tá muid ag cur ‘‘Bíodh Cion agat ar do Mhadra, Bíodh Cion agat ar do Chathair’ agus ‘Adopt, Don’t Shop’ chun cinn – chun seans eile a thabhairt do…

  • Melting Pot Luck

    Melting Pot Luck

    An Domhnach, 13:00-14:00, Puball Stráice,Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Is grúpa pobail neamhbhrabúis é The Melting Pot Luck atá á reáchtáil go deonach i nGaillimh, Éire, a thugann dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus muintir na háite le chéile chun dlúthpháirtíocht a chothú trí bhia, ceol agus cultúr roinnte. Is ceiliúradh…

  • Vocal Ponies

    Vocal Ponies

    An Domhnach, 14:00-15:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Téigh ag éisteacht le Vocal Ponies, cór fuinniúil a thugann amhráin is mó na 90í chun beatha! Bain sult as an gceol agus tú ag imeacht leat, bain sásamh as an atmaisféar, agus glac páirt i ngníomhaíochtaí an lae.

  • Scileanna Sorcais le Stephen

    Scileanna Sorcais le Stephen

    An Domhnach, 14:00-15:00, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Cuireann Stephen ceardlanna spraíúla agus ionchuimsitheacha Scileanna Sorcais ar fáil atá oiriúnach do chách. Tar agus bain triail as Lámhchleasaíocht, Húlahúpáil, Plátaí ag casadh agus neart eile a mbainfidh an teaghlach ar fad spraoi as.

  • Los Watchos

    Los Watchos

    An Domhnach, 16:30-18:00, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Is banna bríomhara Laidineach é Los Wachos atá lonnaithe i nGaillimh a dhéanann ceiliúradh ar fhuaimeanna éagsúla an cheoil Laidine. Is as tíortha éagsúla na ceoltóirí cumasacha seo léir, agus cuirfidh gach duine acu a mblas ar leith féin…

  • Taispeáint an scannáin Wildkind

    Taispeáint an scannáin Wildkind

    An Déardaoin – An Domhnach, Puball Féile, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). Is scannán beoite deich nóiméad é Wildkind le Ciara Tinney, cruthaitheoir as Fear Manach. Tá an scannán bunaithe ar a leabhar maisithe a scríobh sí dá hiníonacha chun cabhrú leo saol fiáin agus cineálta a chaitheamh. Beidh…

  • Taispeántas Faoin Spéir: AthAmharc ar Éirinn: Staidéar Grianghrafadóireachta ar Chomhshaol na hÉireann

    Taispeántas Faoin Spéir: AthAmharc ar Éirinn: Staidéar Grianghrafadóireachta ar Chomhshaol na hÉireann

    An Déardaoin – An Domhnach, Páirc an Athar de Búrca, Ní gá clárú (saor in aisce). In 2024, tháinig Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le chéile chun tionscnamh Grianghrafadóir Cónaithe a chruthú ar mhaithe le timpeallacht na hÉireann agus ár bhfreagairt ar an ngéarchéim aeráide a ghabháil agus a thaifeadadh…

  • Earth Action

    Earth Action

    Ar Feadh na Bliana, Músaem, Ní gá clárú (saor in aisce). Sonraí le Deimhniú

  • Músaem Taispeántais Fuaimeanna an Athraithe Aeráide

    Músaem Taispeántais Fuaimeanna an Athraithe Aeráide

    An Luain – An Domhnach Músaem, Ní gá clárú (saor in aisce). Is taispeántas closamhairc tumthach é Fuaimeanna an Athraithe Aeráide a chruthaigh an tInnealtóir agus Fuaimeolaí Eugene McKeown, agus a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 2025.Leis an taispeántas, tugtar cuireadh do chuairteoirí taithí a fháil ar thimpeallacht athraitheach na hÉireann agus an domhain…

  • Taispeántas Westend Art Collective – Future Fossils

    Taispeántas Westend Art Collective – Future Fossils

    An Chéadaoin – An Domhnach, Cheann Thiar, Sráid Dominick, Ní gá clárú (saor in aisce). Is taispeántas ealaíne coincheapúil é Future Fossils leis an Westend Art Collective, ina ndéantar iniúchadh ar an athrú aeráide trí lionsa na seandálaíochta agus an chultúir ábhartha.Is taispeántas é seo ina gcuirfear gnáthréada na linne seo ar taispeáint amhail is…